Public Procurement ActTogra le haghaidh Rialacháin · COM(2026) 590 final · 2026/0265 (COD)
GA

Airteagal 115Sainmhíniú agus saintréithe lamháltas

Article 115 · Definition and characteristics of concessions

1.For the purposes of this Regulation, the following definition shall apply:

1.Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag an sainmhíniú seo a leanas:

(a)‘concession’ means a contract for pecuniary interest, regardless of its formal designation, where one or more public buyers entrust the execution of works or the provision and management of services to one or more economic operators (‘concessionaire’) for benefit of users and that complies with the following conditions:

(a)ciallaíonn ‘lamháltas’ conradh ar mhaithe le leas airgid, gan beann ar a ainmniú foirmiúil, ina gcuireann ceannaitheoir poiblí amháin nó níos mó de chúram ar oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó oibreacha a chur i gcrích nó seirbhísí a sholáthar agus a bhainistiú (‘lamháltas’) chun leasa úsáideoirí agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(i)the remuneration of the concessionaire consists either solely in the right to exploit the works or services that are the subject of the contract or in that right together with payment by the public buyer; and

(i)is é atá i luach saothair an lamháltóra an ceart chun leas a bhaint as na hoibreacha nó na seirbhísí is ábhar don chonradh, agus an ceart sin amháin, nó an ceart sin maille le híocaíocht ón gceannaitheoir poiblí; agus

(ii)it entails the transfer to the concessionaire of an operating risk in exploiting those works or services to which the public buyer would be exposed if it was to execute the works or perform the services itself.

(ii)baineann sé le riosca oibriúcháin a aistriú chuig an lamháltóir maidir le leas a bhaint as na hoibreacha nó na seirbhísí sin a mbeadh an ceannaitheoir poiblí neamhchosanta orthu dá ndéanfadh sé na hoibreacha nó na seirbhísí é féin.

(b)The concession provides for legally enforceable obligations under which the public buyer determines the nature, scope and conditions for the execution of the works or the provision and management of services by establishing specific requirements to ensure that the concessionaire performs those tasks in pursuit of the objectives defined by that public buyer and complies with those requirements, throughout the duration of the concession.

(b)Foráiltear leis an lamháltas d’oibleagáidí atá infhorfheidhmithe le dlí faoina gcinneann an ceannaitheoir poiblí cineál, raon feidhme agus coinníollacha chur i gcrích na n‑oibreacha nó soláthar agus bainistiú seirbhísí trí cheanglais shonracha a leagan síos chun a áirithiú go ndéanann an lamháltóir na cúraimí sin chun na cuspóirí atá sainithe ag an gceannaitheoir poiblí sin a bhaint amach agus go gcomhlíonann sé na ceanglais sin, le linn ré an lamháltais.

(c)The concession has as its subject-matter the performance of those works or services and shall not consist merely in the entitlement of all operators fulfilling certain conditions to perform a given task without any selectivity.

(c)Tá feidhmíocht na n‑oibreacha nó na seirbhísí sin mar ábhar don lamháltas agus ní bheidh sé comhdhéanta de theidlíocht na n‑oibreoirí uile a chomhlíonann coinníollacha áirithe cúram ar leith a dhéanamh gan aon roghnaíocht.

Agreements the sole or predominant subject-matter of which is the granting of a right to occupy or exploit public domain or resources, including leases or other rights relating to public property, as well as rights of way or other permissions allowing the use of the public domain for infrastructure or network deployment, and in respect of which the public buyer establishes only general conditions of use without entrusting the performance of specific works or services, shall not constitute concessions within the meaning of this Regulation.

Comhaontuithe arb é an t‑aon ábhar nó an príomhábhar dóibh ceart a dheonú chun fearann poiblí nó acmhainní poiblí a áitiú nó a shaothrú, lena n‑áirítear léasanna nó cearta eile a bhaineann le maoin phoiblí, chomh maith le cearta slí nó ceadanna eile lena gceadaítear úsáid an fhearainn phoiblí le haghaidh imscaradh bonneagair nó líonra, agus nach mbunaíonn an ceannaitheoir poiblí ach coinníollacha ginearálta úsáide ina leith gan feidhmíocht oibreacha nó seirbhísí sonracha a chur de chúram air, ní lamháltais iad de réir bhrí an Rialacháin seo.

2.For the purpose of paragraph 1, ‘operating risk’ means the risk that the concessionaire will not recoup, under normal operating conditions, the investments made and the costs incurred in the execution of the works or the provision and management of the services which are the subject-matter of the concession, so that the concessionaire bears the risk of losses attached to the performance of the concession, such as risks linked to uncertainties affecting demand, revenues, operating costs, availability, technical and operational conditions or performance. The operating risk shall involve genuine exposure to the changing market conditions, and any potential estimated loss incurred by the concessionaire shall not be economically insignificant.

2.Chun críoch mhír 1, ciallaíonn ‘riosca oibriúcháin’ an riosca nach gcúiteoidh an lamháltóir, faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin, na hinfheistíochtaí a rinneadh agus na costais a tabhaíodh i gcur i gcrích na n‑oibreacha nó i soláthar agus bainistiú na seirbhísí is ábhar don lamháltas, sa chaoi go seasfaidh an lamháltóir an riosca caillteanas a bhaineann le feidhmiú an lamháltais, amhail rioscaí a bhaineann le héiginnteachtaí a dhéanann difear don éileamh, d’ioncaim, do chostais oibriúcháin, d’infhaighteacht, do dhálaí teicniúla agus oibríochtúla nó d’fheidhmíocht. Beidh fíor-neamhchosaint ar dhálaí athraitheacha an mhargaidh i gceist leis an riosca oibriúcháin, agus ní bheidh aon chaillteanas measta féideartha arna thabhú ag an lamháltóir neamhábhartha ó thaobh an gheilleagair.

Léigh sa téacs iomlán é →Na hairteagail go léir – Cuid IV →