Airteagal 128Líonra idir-inoibritheachta
Article 128 · Interoperability network
1.The Commission shall establish or designate a secure network for data exchange, to enable public buyers and economic operators to communicate using electronic means in procurement procedures using different eProcurement service providers (‘interoperability network’).
1.Bunóidh nó ainmneoidh an Coimisiún líonra slán le haghaidh malartú sonraí, chun é a chur ar a gcumas do cheannaitheoirí poiblí agus d’oibreoirí eacnamaíocha cumarsáid a dhéanamh trí mhodhanna leictreonacha i nósanna imeachta soláthair ina n‑úsáidtear soláthraithe éagsúla seirbhíse ríomhsholáthair (‘líonra idir-inoibritheachta’).
The Commission shall ensure that the interoperability network meets the following requirements:
Áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfaidh an líonra idir-inoibritheachta na ceanglais seo a leanas:
(b)it takes into account existing Union tools and standards;
(b)cuirtear san áireamh leis uirlisí agus caighdeáin an Aontais atá ann cheana;
(c)it complies with the requirement for protection of personal data in accordance with Regulations (EU) 2016/679 and (EU) 2018/1725, and ensures ‘data protection by design' and by default as laid down in Article 25 of Regulation (EU) 2016/679 and Article 27 of Regulation (EU) 2018/1725;
(c)comhlíonann sé an ceanglas maidir le sonraí pearsanta a chosaint i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725, agus áirithíonn sé ‘cosaint sonraí trí dhearadh’ agus mar réamhshocrú mar a leagtar síos in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2018/1725;
(d)it allows for the establishment of a secure, practical, easily implementable, flexible, configurable and cost-efficient data exchange in all procurement procedures;
(d)fágann sé gur féidir malartú sonraí atá slán, praiticiúil, éasca a chur chun feidhme, solúbtha, inchumraithe agus costéifeachtúil a bhunú i ngach nós imeachta soláthair;
(e)it considers the particular needs of SMEs;
(e)measann sé na riachtanais ar leith atá ag FBManna;
(f)it considers the eProcurement ontology as a semantic framework standardising the concepts of Union public procurement; and
(f)measann sé gur creat séimeantach í ointeolaíocht an ríomhsholáthair lena ndéantar coincheapa sholáthar poiblí an Aontais a chaighdeánú; agus
(g)it considers the public summaries and their technical implementation in accordance with Article 110.
(g)measann sé na hachoimrí poiblí agus a gcur chun feidhme teicniúil i gcomhréir le hAirteagal 110.
3.The Commission is empowered to adopt implementing acts laying down the detailed arrangements for the implementation and operation of the interoperability network, including, where appropriate, the rules on the re-use of existing networks for the purposes of this Article. Those implementing acts shall specify at least the following:
3.Cumhachtaítear an Coimisiún le gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na socruithe mionsonraithe chun an líonra idir-inoibritheachta a chur chun feidhme agus a oibriú, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, na rialacha maidir le hathúsáid na líonraí atá ann cheana chun críocha an Airteagail seo. Sonrófar sna gníomhartha cur chun feidhme sin an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)technical information on the connection to the interoperability network;
(a)faisnéis theicniúil maidir leis an nasc leis an líonra idir-inoibritheachta;
(b)data format and structure including configuration and syntax;
(b)formáid agus struchtúr sonraí, lena n‑áirítear cumraíocht agus comhréir;
(c)semantic repository;
(c)stór séimeantach;
(d)interoperability requirements;
(d)ceanglais idir-inoibritheachta;
(e)scalability and performance;
(e)inscálaitheacht agus feidhmíocht;
(f)security and accountability requirements;
(f)ceanglais slándála agus chuntasachta;
(g)data ownership and access management;
(g)úinéireacht sonraí agus bainistiú rochtana;
(h)qualification of eProcurement service providers;
(h)cáiliú soláthraithe seirbhíse ríomhsholáthair;
(i)organisational and technical measures for processing personal data;
(i)bearta eagraíochtúla agus teicniúla chun sonraí pearsanta a phróiseáil;
(j)arrangements to tackle inappropriate or fraudulent use of the interoperability network;
(j)socruithe chun dul i ngleic le húsáid mhíchuí nó chalaoiseach an líonra idir-inoibritheachta;
(k)availability of the interoperability network and data; and
(k)infhaighteacht an líonra idir-inoibritheachta agus na sonraí; agus
(l)interconnections made via the interoperability network, including the interconnection to the digital business credential tool and to the NPPDS.
(l)idirnaisc a dhéantar tríd an líonra idir-inoibritheachta, lena n‑áirítear an t‑idirnasc leis an uirlis dhigiteach um dhintiúir ghnó agus leis an SSSP Náisiúnta.
The implementing acts referred to in the first subparagraph of this paragraph shall be adopted in accordance with the advisory procedure referred to in Article 143(2).
Maidir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfar iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 143(2).
4.The Commission may require the interoperability network operator to deny or remove access to the network for eProcurement service providers where those providers do not, or no longer, fulfil the requirements laid down in Article 131. The Commission shall provide appropriate prior notice to eProcurement service providers of the denial of or loss of access to the network. The interoperability network shall provide the Commission with the information necessary for assessing the compliance with the requirements laid down in Article 131.
4.Féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar an oibreoir líonra idir-inoibritheachta rochtain ar an líonra a dhiúltú nó a bhaint do sholáthraithe seirbhíse ríomhsholáthair i gcás nach gcomhlíonann na soláthraithe sin, nó nach gcomhlíonann siad a thuilleadh, na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 131. Tabharfaidh an Coimisiún réamhfhógra iomchuí do sholáthraithe seirbhíse ríomhsholáthair maidir le rochtain ar an líonra a dhiúltú nó a chailleadh. Soláthróidh an líonra idir-inoibritheachta don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 131.