Public Procurement ActTogra le haghaidh Rialacháin · COM(2026) 590 final · 2026/0265 (COD)
GA

Airteagal 130Sonraíochtaí comhchoiteanna

Article 130 · Common specifications

1.The Commission may adopt implementing acts establishing common specifications as referred to in Article 88(4), point (a), covering the essential requirements for the semantic data model of the core elements of the procurement procedures referred to in Article 129(1), point (a).

1.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 88(4), pointe (a), lena gcumhdaítear na ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le samhail sonraí séimeantacha chroí-eilimintí na nósanna imeachta soláthair dá dtagraítear in Airteagal 129(1), pointe (a).

Those implementing acts may be adopted where the Commission has requested, pursuant to Article 10(1) of Regulation (EU) No 1025/2012, one or more European standardisation organisations to draft or to revise European standards for those requirements and:

Féadfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcás inar iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin Eorpacha maidir leis na ceanglais sin a dhréachtú nó a athbhreithniú agus:

(a)the request has not been accepted by any of the European standardisation organisations to which the request was addressed; or

(a)níor ghlac aon cheann de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú leis an iarraidh a seoladh chucu; nó

(b)the request has been accepted by at least one of the European standardisation organisations to which the request was addressed, but the European standards requested:

(b)gur ghlac ar a laghad ceann amháin de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú leis an iarraidh a cuireadh chucu, ach gurbh amhlaidh maidir leis na caighdeáin Eorpacha arna n‑iarraidh:

(i)are not delivered within the deadline set in the request;

(i)nach seachadtar iad laistigh den sprioc-am a leagtar síos san iarraidh;

(ii)do not comply with the request; or

(ii)nach gcomhlíonann siad an iarraidh; nó

(iii)do not satisfy the requirements they aim to cover.

(iii)nach gcomhlíonann siad na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach.

2.Where the references of a harmonised standard are published in the Official Journal of the European Union, the Commission shall repeal the implementing acts adopted pursuant to paragraph 1, or the relevant parts thereof, to the extent they cover the same requirements.

2.I gcás ina bhfoilsítear tagairtí do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, aisghairfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun mhír 1, nó na codanna ábhartha díobh, a mhéid a chumhdaíonn siad na ceanglais chéanna.

3.When a Member State or the European Parliament considers that a common specification or parts thereof do not entirely satisfy the requirements which it covers, it shall inform the Commission thereof by submitting a detailed explanation. The Commission shall assess that detailed explanation and may, if appropriate, amend the implementing act establishing the common specification in question.

3.Nuair a mheasann Ballstát nó Parlaimint na hEorpa nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann nó codanna di na ceanglais a chumhdaítear léi ina n‑iomláine, cuirfidh sé nó sí an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú.

Léigh sa téacs iomlán é →Na hairteagail go léir – Cuid V →