Public Procurement ActTogra le haghaidh Rialacháin · COM(2026) 590 final · 2026/0265 (COD)
GA

Airteagal 116Conarthaí lamháltais measctha

Article 116 · Mixed concession contracts

1.In addition to Articles 86 and 87, the applicable legal regime for contracts containing elements of concessions and of other public contracts (‘mixed concession contracts’) shall be determined in accordance with paragraphs 2 and 3 of this Article.

1.De bhreis ar Airteagail 86 agus 87, déanfar an córas dlí is infheidhme maidir le conarthaí ina bhfuil eilimintí de lamháltais agus de chonarthaí poiblí eile (‘conarthaí lamháltais measctha’) a chinneadh i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo.

2.Where the different parts of a mixed concession contract are objectively separable, but are not procured separately by the public buyer, the mixed concession contract shall be awarded in accordance with Part III.

2.I gcás inar féidir na codanna éagsúla de chonradh lamháltais measctha a dheighilt go hoibiachtúil, ach nach soláthraíonn an ceannaitheoir poiblí ar leithligh iad, dámhfar an conradh lamháltais measctha i gcomhréir le Cuid III.

3.Where the different parts of a mixed concession contract are objectively not separable, the applicable legal regime shall be determined on the basis of the main subject-matter of that contract.

3.I gcás nach féidir na codanna éagsúla de chonradh lamháltais measctha a dheighilt go hoibiachtúil, cinnfear an córas dlí is infheidhme ar bhonn phríomhábhar an chonartha sin.

Where such a contract contains elements of a services concession and of a supply contract, the main subject-matter of that contract shall be determined in accordance with the higher of the estimated values of the respective services or supplies.

I gcás ina bhfuil eilimintí de lamháltas seirbhísí agus de chonradh soláthair i gconradh den sórt sin, cinnfear príomhábhar an chonartha sin i gcomhréir leis an gceann is airde de luachanna measta na seirbhísí nó na soláthairtí faoi seach.

Léigh sa téacs iomlán é →Na hairteagail go léir – Cuid IV →